:''Is alt faoi oileán Éireann agus an tír ina hiomláine é seo; tá ailt ar leith faoi [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] agus [[Tuaisceart Éireann]] freisin.''

Is oileán í '''Éire''' atá suite amach ó iarthuaisceart mhórthír na hEorpa, siar ón mBreatain Mhór, ar oirthear an [[an tAigéan Atlantach|Aigéin Atlantaigh]] thuaidh. 



==Rialtas==
Ó 1922 i leith, tá an t-oileán roinnte idir [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] (Saorstát Éireann a tugadh air ar dtús, gur athraíodh a ainm go hoifigiúil i 1949) agus [[Tuaisceart Éireann]]. Tá na sé chontaethe i dTuaisceart Éireann faoi rialtas na [[an Bhreatain|Breataine]], agus is faoi rialtas Phoblacht na hÉireann atá an chuid eile den oileán á riaradh. Go minic freisin tugtar "na sé chontaethe" ar Thuaisceart Éireann, agus "na sé chontaethe is fiche" ar an gcuid eile, mar gur mar sin a roinneadh na 32 [[Contaetha na hÉireann|chontae]] a bhí le fada in Éirinn leis an g[[Conradh Angla-Éireannach]] i 1922.

==Daoine==
[[Íomhá:ÉireSaitilí|Íomhá Éireann i ndathanna cearta, déanta ag saitilít NASA ar [[4 Eanáir]], [[2003]]. Is féidir [[Alba]], [[Oileán Mhanann]] agus [[an Bhreatain Bheag]] a fheiscint soir uaidh.]]
Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Sasana agus as Albain. Is Caitlicigh formhór (os cionn 92%) an daonra sa Phoblacht. Is [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] beagán níos mó ná leath na ndaoine i d[[Tuaisceart Éireann]], agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe [[Preisbitéarachas|Preisbitéirigh]] agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann). Is [[Caitliceachas|Caitlicigh]] formhór na coda eile. Féach ar an alt [[Creideamh in Éirinn]] le tuilleadh sonraí.

==Na Meáin Cumarsáide==
Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an , an , agus le cupla bhliain anuas an . Bhí an  ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an [[Belfast Telegraph]] agus ar an [[]] as [[Béal Feirste]], ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an [[]], [[]] agus [[]] an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir [[Eamon de Valera]]. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an [[Sunday Independent]] ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an [[Sunday World]]. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: [[Lá (nuachtán)|Lá]] (atá laethúil) agus [[Foinse (nuachtán)|Foinse]] (atá seachtainiúil).

Is é [[Radio Telefís Éireann]] an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bhealach teilifíse sa chuid is mó den tír: [[RTÉ1]], [[RTÉ2]] agus [[TG4]]. Tá [[TV3]] neamhspleách ón stát. Tá an [[BBC]] ag craoladh i dTuaisceart Éireann, chomh maith le [[UTV]] atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.

==Stair==
Deirtear gurbh iad clanna Míle an slua mór deireanach a tháinig i dtír, is a thug an chuid is mó den chultúr [[Gael|Gaelach]] dúinn a bhfuil aithne fós air. Roimhe sin bhí grúpaí eile ann dar leis na seanscéalta, ar nós na bParthalónach, agus [[na Fir Bhoilg|na bhFear Bolg]].

Tháinig an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn nuair a chuir [[an Pápa Ceilistín]] [[Palladius]] go hÉireann in AD [[430]]. Ach ba é [[Naomh Pádraig]], saoránach Rómhánach de bhunadh [[an Bhreatain|Breatnach]], ar éirigh leis an [[creideamh|chreideamh]] nua a thabhairt go hÉireann ó [[432]] ar aghaidh. Seachas mar a tharla i go leor tíortha eile, ní raibh aon chath mór i gceist, ach gur chloígh an eaglais [[sean-chreideamh na nGael]] diaidh ar ndiaidh.

Ní raibh tionchar mór díreach ag na [[Rómhánaigh]] ar Éirinn mar a bhí acu ar an gcuid eile d'iarthar na hEorpa. Ach bhí na [[Lochlannaigh]] is na [[Danair]] ag ionsaí na tíre ón 9ú Aois, agus ba iad na Lochlannaigh a thosaigh bailte móra na hÉireann, chomh maith leis na ruaigeanna a rinneadar ar na mainistreacha agus ar na tithe móra. Mar shampla, chuireadar [[Baile Átha Cliath]] ar bun i [[841]]. Chuir na Gaeil le chéile ina dhiaidh sin, agus thoghadar an chéad Ard-Rí i [[1003]]. Cé nach raibh cumhacht mhór aige, thógadh an rí ba láidre an teideal de ghnáth. Ag [[Cath Chluain Tarbh]], chloígh na Gaeil slua Lochlann ar deireadh, cé gur maraíodh [[Brian Bóirmhe]], ceannaire na nGael. 

Sa 12ú hAois, ba iad na [[Normanaigh]] a tháinig i dtír. Bhí [[Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach]] san oirdheisceart i dtrioblóid lena chuid talún agus le tiarnaí eile sa chuid sin tíre, agus d'iarr sé cúnamh ar Rí [[Anraí II Shasana]] i [[1171]]. Chuir Anraí [[Strongbow]], tiarna Normanach ón mBreatain, i gcúnamh air. Ach má tháinig, d'fhan na Normanaigh, agus cé gur iomaí cath a troideadh, de réir a chéile ghlac siad seilbh ar thailte agus caisleáin agus bailte na hÉireann. Do lean cumhacht na nGall in Éirinn, óir choinnigh fórsaí rí Shasana smacht ar an gcuid den tír timpeall ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], an baile is mó a bhí faoi smacht na Lochlannach agus na Normanach ina ndiaidh. Laistigh de dhá ghlún, bhí rialtas lárnach i mBaile Átha Cliath, faoi stiúir dhíreach rí Shasana. I [[1297]] cuireadh an chéad pharlaimint ar bun, ach b'iad siúd de shliocht Gallda amháin a thogh agus a shuigh sa pharlaimint sin. Ó thús an 14ú Aois, bhí Gaelú le sonrú imeasc na nGall a bhí fanta in Éirinn, agus cuireadh [[Dlithe Chill Chainnigh]] i réim i [[1366]], a chuir scoilt idir Ghael agus Gall. I ré na d[[Teodar]], cuireadh breis máistreacht ar an tír, agus i [[1494]] cuireadh [[Dlí Poynings]] i réim. Thug sé sin cead do Rí Shasana dlithe nua ó pharlaimint Bhaile Átha Cliath a chosc. I [[1534]] deineadh Tiarnaí Tánaiste de [[Iarlaí Chill Dara]], agus i [[1541]] ghlac rí Shasana an teideal "[[Rí na hÉireann]]" chomh maith. Sna blianta a lean, cuireadh brú ar na tiarnaí Gaelacha a dtailte a bhronnadh ar rí Shasana, ionas go dtabharfaí ar ais dóibh é mar dheontas ríoga, agus teideal Gallda ag dul leis. Ar ndóigh, chuaigh sé seo i gcoinne ghnás na nGael go mór, ach de réir a chéile ghlac go leor leis an réiteach seo.

De réir a chéile, leath cumhacht [[Sasana|Shasana]] ón b[[Páil]] ar fud na tíre, trí chathanna, géilleadh na dtiarnaí Gaelacha don Choróin, agus le cur fúthu ag tiarnaí agus móraibh eile Sasanacha.

Ba é [[Cath Chionn tSáile]] i [[1601]] an iarracht mhór deiridh a rinneadh leis na Gaill a ruaigeadh as Éirinn. Bhí an baile i seilbh na [[an Spáinn|Spáinneach]], ach bhí ar arm na nGael teacht aduaidh ó [[Cúige Uladh|chúige Uladh]] i lár an gheimhridh agus bhí an bua ag na Sasanaigh orthu. Tar éis Chath Chionn tSáile, thréig formhór na dtiarnaí Gaelacha an tír mar go raibh deireadh bunúsach leis an gcóras Gaelach, .i. [[Teitheadh na nIarlaí]]. D'imigh siad leo go dtí an mhór-roinn, go háirithe don [[an Fhrainc|Fhrainc]] agus don [[an Spáinn|Spáinn]]. Ina dhiaidh sin ba de bhunadh Sasanach a bhí tiarnas na tíre, agus bhí na gnáthdhaoine an-bhocht. 

Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]], idir an rí agus lucht na parlaiminte, ar Éirinn i rith na [[1640aí]]. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]], [[1649]]. Tháinig [[Oilibhéar Cromail]] go Éirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus síbhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a dhein sé i n[[Droichead Átha]] ar an [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar an [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do Chill Chainnigh géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d´fhág sé an tír ar 25 Bealtaine, 1650. 

Faoin mbliain [[1660]], tugadh parlaimint Bhaile Átha Chliath chun saoil arís, agus tháinig an [[Rí Séarlas II Shasana]] i gcoróin. Deineadh an chuid is mó den choilíniú in Éirinn i rith an [[17ú céad]]. Cuireadh tiarnas Protastúnach, de bhunadh Sasanach, i seilbh ar an gcuid is mó agus is fearr de thailte na hÉireann, agus is acu freisin a bhí an chuid is fearr de na gnóthaí sna bailte freisin. 

Tháinig an Rí [[Séamus II Shasana]] i réimeas i [[1685]], ach i [[1688]] tháinig [[Liam Oráisteach]] i dtír i [[Sasana]]. I [[1689]] tháinig Séamus go hÉireann tar éis dó a bheith ar a theitheadh sa bhFrainc. I 1690 tháinig Liam go hÉireann, agus bhuail sé fórsaí Shéamuis ag [[Cath na Bóinne]] ar [[1ú Iúil]] [[1690]]. 

Deineadh iarracht ar leith ar an gcoilíniú i g[[cúige Uladh]], tré mórán gnáth-Shasanaigh agus -Albanaigh a thabhairt isteach agus seilbh a thabhairt dóibh ar thailte sa chúige sin. Is as sin a leanann méid an phobail Aontachtach agus Protastúnach sa chúige sin, agus féachann siad siar fós go [[Cath na Bóinne]], mar gurb é bua an Rí Liam ar Rí Séamus a thug tús áite don [[Protastúnachas|Phrotastúnachas]] i Sasana agus in Éirinn.

Ag deireadh an [[18ú céad|18ú chéid]], leath tuairimí an Soilsiú ón Mór-Roinn, tuairimí a bhí daonlathach agus poblachtach seachas bheith ag brath ar chumhacht an rí. Mar chuid de sin, bhí an-chaint ar na tuairimí seo imeasc cuid de lucht ceannais na tíre agus daoine eile le scolaíocht. D'aontóidís idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus ''Easaontóirí'' i náisiún amháin. 
Bhí sé seo tábhachtach san [[Éirí Amach 1798 in Éirinn|Éirí Amach]] i 1798, agus cé gur i gcoinne smacht Gallda a bhí sé, ba Phrotastúnaigh de bhunadh Sasanach cuid mhaith de na ceannairí. Bhí aighneas i g[[Contae Loch Garman]], m.sh. [[Cath Chnoc Fíodh na gCaor]] lámh le h[[Inis Córthaidh]]. I g[[Contae Mhaigh Eo]] d'éirigh chomh maith leis an aiséirí le cuidiú Francach gur tugadh [[Rásaí Chaisleáin an Bharraigh]] ar theitheadh na nGall. Ní hamháin nár éirigh leis an éirí amach, ach reachtáladh [[Acht an Aontais, 1800|Acht an Aontais]] i 1800 i bparlaimint Bhaile Átha Cliath, rud a chuir deireadh leis féin.

Bhí na Péindlíthe fós i réim in Éirinn, agus cé nár cuireadh i bhfeidh iad mórán faoin am seo, chuir siad coscanna ar [[Caitliceachas|Chaitlicigh]] go háirithe. Bhí [[Domhnall Ó Conaill]], a bhí ina theachta parlaiminte, an-ghníomhach sa troid le haghaidh comhrom na féinne a thabhairt do ghnáthmhuintir na tíre, a bhí an-bhocht agus arbh Chaitlicigh iad don chuid is mó. Reachtáladh an Acht Um Shaoirse Chaitliceach sa mbliain [[1829]] a thug ceart do Chaitlicigh bheith ina dteachtaí parlaiminte, agus glacadh le hoifigí sa saol cathartha agus míleata. 

I rith an 19ú Aois, bhí aighneas ar son na saoirse ó am go ham. Bhí éirí amach in 1803, agus múchadh go héasca é, agus cuireadh an ceannaire, Robert Emmet, chun báis. Timpeall na bliana 1845 a chuir [[Michael Davitt]] ón [[an tSráid|Sráid]] i g[[Contae Mhaigh Eo]] [[Conradh na Talún]] ar bun. Is é a bhí á iarraidh acu ná ''cíos cothrom, ceart seilbh agus cead díolta''. Bhí Conradh na Talún ar bun ar fud na tíre. Bhí [[Éirí Amach 1848 in Éirinn|Éirí Amach]] freisin in [[1848]],  Theip ar an éirí amach sin, mar a theip ar gach ceann roimhe. 

Ag deireadh an 19ú Aois, bhí [[Páirtí Parlaiminte na hÉireann]] (''Irish Parliamentary Party'') gníomhach ag lorg saoirse don tír. Ba é [[Charles Stuart Parnell]] a bhí ina fheighil ar feadh i bhfad, ach nuair a cuireadh cairdeas a bhí aige le bean pósta [[Kitty O'Shea]], ina leith, chuaigh an eaglais Chaitliceach ina choinne, agus uaidh sin thréig muintir na tíre é, gur chaill sé a cheannaireacht i [[1890]]. Ina dhiaidh siúd, bhí [[John Redmond]] i bhfeighil ar an bpáirtí, agus lean siad go dtí gur éirigh le [[Sinn Féin]] uimhir mór feisirí a thoghadh i [[1917]], tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]]. Ní raibh ag páirtí Redmond ach seisear fheisire. 

Chuir Sinn Féin [[an Chéad Dáil]] ar bun i 1917 i m[[Baile Átha Cliath]] mar gur acu a bhí bunús na bhfeisirí a toghadh go parlaimint Londain. Reachtáladh [[Acht Rialtais Éireann]] i Londain i [[1920]], agus cé go raibh saoirse d'Éireann i gceist, deir R.F. Foster ina leabhar, ''Modern Ireland'',  go raibh sé an-soiléir go mbeadh críochdheighilt freisin, mar go raibh rogha le bheith ag muintir an oirthuaiscirt gan a bheith páirteach sa neamhspleáchas. Go deimhin, cé go ndeachaigh an Bille um Riail Baile tríd an dteach íochtarach i Sasana i [[1914]], chuir Teach na dTiarnaí an oireadh athraithe air nár féadadh é a thabhairt i gcrích.

Ina dhiaidh seo, thosaigh [[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] a lean go dtí an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1922]]. Ach ní raibh aontas faoin gconradh, mar gur aithin sé [[críochdheighilt]] na tíre, agus as seo a tháinig an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh Cathartha]] nó Cogadh na gCarad, a bhí chomh crua céanna le Cogadh na Saoirse. Ach buaileadh an taobh Poblachtach a chuir i gcoinne an Chonartha, agus bhí rialtas neamhspleách anois sna 26 chontaethe ó dheas. Tá na sé chontaethe ó thuaidh sa [[Ríocht Aontaithe]] ó shoin, i riocht [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]].

==Tíreolaíocht==
Labhraítear go minic sa Ghaeilge ar [[Leath Mhogha]] agus [[Leath Choinn]]. Clúdaíonn leath Mhogha an cuid tíre atá ó dheas ó [[Eiscir Riada]], agus Leath Choinn an chuid eile. 

Tá an tír, ar ar thug na Rómhánaigh Hibernia, 486 ciliméadar (301 míle) ó thuaidh aneas, agus 275 ciliméadar (171 míle) anoir aniar. Tá maigheanna móra i lár na tíre, cuid mhaith díobh clúdaithe le portaigh, agus tá an-chuid cnoic agus sléibhte mórthimpeall orthu, ach níl mórán acu an-ard. Is é Corrán Tuathail i gContae Chiarraí an ceann is airde (1041 meadar).

Tá talamh mhaith san oirthear in áiteanna, agus déantar an-chuid curadórachta, mar shampa ar chruithneacht, eorna, biatas siúicre agus torthaí. San iarthar, níl an oiread sin curadórachta, mar go bhfuil an aeráid agus an talamh tais cuid mhór den bhliain, agus an talamh níos boichte i go leor áiteanna. Tógáil eallach agus caorach, maraon le ba bhainne, an sórt talmhaíochta a chleachtaítear ansin don chuid is mó. Fanann siadsin amuigh faoin aer an bhliain ar fad de ghnáth, mar níl an aimsir in Éirinn chomh crua le tíortha eile i dTuaisceart na hEorpa mar gheall ar [[Sruth Murascaille Mheicsiceó|Shruth Murascaille Mheicsiceó]].
  
* '''[[Cúige Uladh]]'''  
- [[Contae Aontroma]] (i dTuaisceart Éireann)
- [[Contae Ard Mhacha]] (TÉ)  
- [[Contae an Chabháin]]     
- [[Contae Doire]] (TÉ)
- [[Contae an Dúin]] (TÉ)
- [[Contae Dhún na nGall]]    
- [[Contae Fhear Manach]] (TÉ)   
- [[Contae Mhuineacháin]] 
- [[Contae Thír Eoghain]] (TÉ)

* '''[[Cúige Laighean]]'''    
- [[Contae Átha Cliath]]    
- ([[Contae Átha Cliath Theas]]    
- [[Cathair Bhaile Átha Cliath]]    
- [[Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin]]    
- [[Contae Fhine Ghall]])   
- [[Contae Cheatharlach]]    
- [[Contae Chill Chainnigh]]    
- [[Contae Chill Dara]]   
- [[Contae Chill Mhantáin]]    
- [[Contae na hIarmhí]]    
- [[Contae Laoise]]    
- [[Contae Loch Garman]]    
- [[Contae an Longfoirt]]    
- [[Contae Lú]]    
- [[Contae na Mí]]    
- [[Contae Uíbh Fhailí]]

* '''[[Cúige Chonnacht]]'''   
- [[Contae na Gaillimhe]]    
- [[Contae Liatroma]]    
- [[Contae Mhaigh Eo]]    
- [[Contae Ros Comáin]]    
- [[Contae Shligigh]]

* '''[[Cúige Mumhan]]'''    
- [[Contae an Chláir]]    
- [[Contae Chorcaí]]    
- [[Contae Chiarraí]]    
- [[Contae Luimnigh]]    
- [[Contae Phort Láirge]]    
- *[[Contae Thiobraid Árann]]    
- [[Tiobrad Árann Thuaidh]]    
- [[Tiobrad Árann Theas]]

==Aimsear==
Aimsear bog fliuch is gnáthach a bheith in Éirinn. Tá tionchar mór ag [[Sruth Murascaille Mheicsiceo]] air. Is ag an ngaoth aniar aneas atá an tionchar is mó ar an aimsir, agus is ón dtreo chéanna a thagann sí le [[Sruth Murascaille Mheicsiceo]]. Tugann sí aer the isteach ón gCairib, a bhailíonn an-chuid taiseachta ar a bealach trasna an [[an tAigéan Atlantach|Atlantaigh]] Thuaidh. Cé go bhfágann sin nach mbíonn mórán fuaichte nó sneachta sa gheimhreadh, ná teochtaí ró-ard sa samhradh, is minic a bhíonn an tír an-ghaothmhar agus tais, rud a bhíonn le sonrú sa gheimhreadh go h-áirithe.

==Naisc seachtracha== 
